From the recording Celtic Fairy Dream
Traditional Irish song about a joyful traveler
returning home to Ireland.
Lyrics
Trasna na dtonnta, dul siar, dul siar,
Slán leis an uaigneas ‘is slán leis an gcian;
Geal é mo chroí, agus geal í an ghrian,
Geal bheith ag filleadh go hÉirinn!
Chonaic mo dhóthain de Thíortha i gcéin,
Ór agus airgead, saibhreas an tsaoil,
Éiríonn an croí ‘nam le breacadh gach lae
‘S mé druidim le dúthaigh mo mhuintir!
Ar mo thriall siar ó éirigh mo chroí
An aimsir go hálainn is tonnta deas réidh
Stiúradh go díreach go dúthaigh mo chliabh
‘S bheidh mé in Éirinn amárach!
Muintir an Iarthair ‘siad cairde mo chroí,
Fáilte ‘is féile bheidh romham ar gach taobh.
Ar fhágaint an tsaoil seo, sé ghuidhim ar an Rí
Gur leosan a shinfear i gcill mé.